Share

Treoir Fuaime Dhún na nGall Cholm Cille


Latest episode

  • DUN NA NGALL CHOLM CILLE TREOIR FUAIME

    54:48
    Treoir Fuaime Dhún na nGall Cholm Cille Lean lorg duine de na naoimh Éireannacha is clúití in Éirinn ar Threoir Fuaime Cholm Cille. Rugadh Naomh Colm Cille, a dtugtar Columba air fosta (an fhoirm Laidine den ainm), i nDún na nGall in 520 AD nó in 521 AD. Sula bhfuair sé bás in Oileán Í ar 9 Meitheamh 593 AD, bhí Colm Cille ar na daoine ba mhó tionchar i stair na hÉireann agus na Breataine. Tá Colm Cille ar dhuine de naomhphátrúin na hÉireann, é féin agus Pádraig agus Bríd, agus is é naomhphátrún Dhoire é. Ní hamháin gur duine é Colm Cille atá tábhachtach do mhuintir na hÉireann, ach ó tharla gur bhunaigh sé mainistreacha in Oileán Í agus in Albain, ba é ba chúis le leathnú na Críostaíochta i dTuaisceart na Breataine.  Trí Dhoire, Oileán Í, Darú, Ceanannas agus i gcuid mhór áiteanna ar fud na hÉireann agus na hAlban tá ceangail le Colm Cille, tá an treoir fuaime s’againn ag dul a dhíriú ar a áit dúchais, Contae Dhún na nGall – an áit ar rugadh agus ar tógadh é. Bí linn ar ár dTreoir Fuaime Dhún na nGall Cholm Cille agus muid ar thuras chuig mainistreacha, eaglaisi agus toibreacha naofa ársa in áiteanna mar Ghartán, Cill Mhic Réanain agus Díseart, seolfaimid go Toraigh agus siúlfaimid ar chosán na n-oilithreach i nGleann Cholm Cille. Is léiriú de chuid In Hand Guides é an treoir fuaime ar son Chomhairle Contae Dhún na nGall mar Bheart de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, le tacaíocht ón Chomhairle Oidhreachta. Neil Jackman a scríobh í, Foras na Gaeilge a d’aistrigh agus Áine Ní Bhreisleáin a dhéanann an tráchtaireacht.

More episodes

View all episodes