Share

Seoda ón Taisce Liteartha


Latest episode

More episodes

View all episodes

  • Scéilíní Scanrúla

    16:35
    Bhuaigh Scéiliní Scanrúla le Gabriel Rosenstock an dara duais i gComórtas A2: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10 mbliana – 12 bhliain) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. Beidh an teach foilsitheoireachta Éabhlóid á bhfoilsiú i mbliana.Tá Gabriel Rosenstock ar dhuine de na filí is cáiliúla in Éirinn. File, fear haiku agus fear tanka go príomha é. Is aistritheoir, úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir é freisin. Scríobhann sé filíocht do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Chomh maith leis sin, tá drámaí agus aistí scríofa do dhaoine fásta aige agus scéalta do pháistí d’aoisghrúpaí éagsúla. I measc na leabhar véarsaíochta do pháistí atá scríofa aige tá Dánta Duitse, An tOchtapas agus Rainn Eile agus Frog is Fiche.Suigh siar agus éist leis cúpla scéilín scanrúil á insint ag Gabriel! 
  • Mise do Mhamó

    16:25
    Bhuaigh an saothar Mise do Mhamó an dara duais i gComórtas A5: Saothar do Dhaoine Fásta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2019. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2020.Is as Bré i gCo. Chill Mhantáin í Majella Ní Dhomhnaill ach tá cónaí uirthi anois i mBaile Átha Cliath lena fear céile agus lena mbeirt pháistí óga. Bhuaigh a saothar, Mise do Mhamó, duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2019 agus d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2020. Ba é seo an chéad úrscéal a scríobh sí d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá a céad chnuasach gearrscéalta, Cuimhní Poircealláin, ar na bacáin faoi láthair. Tá duaiseanna buaite ag a cuid gearrscéalta i gComórtais Liteartha an Oireachtais thar na blianta chomh maith le comórtais de chuid Manchester Irish Language Group agus Books Ireland. Bhuaigh an chéad dráma raidió a scríobh sí, Bíobla Don Bheirt Againn, duais i gComórtas A11 - Dráma Raidió i gComórtais Liteartha 2022 agus beidh sé á chraoladh ar stáisiúin raidió pobail agus tráchtála ar fud na tíre amach anseo.Is uaigneach an saol a bhíonn ag Cecily Ní Bhaoill. Alcólach a bhí inti fadó agus, mar thoradh air sin, ní bhíonn teagmháil ar bith aici lena hiníon fhásta ná lena beirt gharpháistí. Anois, tá a gariníon ag déanamh réidh lena Céad Chomaoineach a dhéanamh agus, thar aon ní eile, ba bhreá le Cecily bheith i láthair. An féidir léi teagmháil a dhéanamh leis an teaghlach sula mbeidh sé ródhéanach?Suigh siar, lig do scíth agus éist le Majella ag léamh blaiseadh de Mise do Mhamó!
  • Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal

    19:56
    Bhuaigh an saothar Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas an chéad duais i gComórtas A3: Ficsean do Dhaoine Óga (13-15) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2021 agus bhí sé ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló sa bhliain 2022. Is scríbhneoir scripte agus úrscéalaí é Richie Conroy a oibríonn ar go leor cláracha teilifíse agus scannáin don aos óg. Tá gearrscéalta dá gcuid foilsithe sa leabhar Saibhreas (Mentor Press). Ba é Dialann Emily Porter: An Jailtacht (LeabhairCOMHAR) a chéad úrscéal. Tá aitheantas faighte aige agus gradaim bronnta air dá shaothair go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Bhí sé mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2021. Suigh siar agus éist le Richie ag léamh blaiseadh de Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal. Tá Emily Porter sona sásta. Tá sí féin agus Cian ag dul amach ‘go hoifigiúil’, tá sí san idir bhliain anois agus tá múinteoir nua ar scoil atá spreagúil, cineálta agus an-dathúil. Ach, ní fada go dtosaíonn rudaí ag dul in olcas don déagóir bocht. Tá fadhbanna le réiteach aici agus ar a bharr sin, tá rún mór le scaoileadh ag Mam agus Daid a athróidh saol Emily.
  • Nuair a Stadann an Ceol

    08:32
    Bhuaigh an saothar Nuair a Stadann an Ceol le Marie Whelton duais sa chomórtas Saothar do Dhaoine Fásta de chuid Comórtais Liteartha an Oireachtais 2013.Is as Cúirt Mhic Shéafraidh, Co. Chorcaí, do Mharie ó dhúchas. Is léachtóir le teanga agus le litríocht na Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.Bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, ‘Duais Chuimhneacháin Séamus Heaney’ uirthi sa bhliain 2014. B’údar í Marie freisin, ar Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008); Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2017); Giolcaireacht sa Ghairdín: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2018) agus Dún do Shúile: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2021).  I gcomhar le hAodán Mac Suibhne, scríobh sí trí théacsleabhar do mhúinteoirí bunscoile: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2006); Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile (Institiúid Oideachais Marino, 2008) agus Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2009).Sa bhliain 2018, bhí sí ina comhúdar ar thairiscint inár éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais chun Baitsiléireacht san Oideachas trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino agus sa bhliain 2020 bhí sí ar dhuine de chomheagarthóirí an ríomh-irisleabhair phiarmheasta, COMHARTaighde 6. Tá sí ainmnithe i measc an bhuíon scríbhneoirí 2023 do Portráidí na Scríbhneoirí na Gaeilge.Suigh siar, lig do scíth agus éist le Marie ag léamh blaiseadh dá scéal Nuair a Stadann an Ceol, scéal faoi Róisín, atá ar ais i mbun staidéir tar éis di dul ar ollscoil agus cúpla bliain a chaitheamh ag obair. Tá cairde nua aici agus tá go leor ceoil á sheinm ach tá deacrachtaí móra pearsanta aici freisin.
  • Khalil

    13:03
    San eagrán seo, cloisfear Máirín Nic Con Iomaire ag léamh caibidil de Khalil a scríobh Yasmina Khadra agus a d'aistrigh Máirín féin go Gaeilge. Bhuaigh an leabhar seo Gradam de Bhaldraithe ag Na Gradaim Foilsitheoireachta 2022.Is iriseoir, craoltóir, múinteoir, aistritheoir agus aisteoir í Máirín. Tá dhá úrscéal Fraincise aistrithe go Gaeilge aici i gcomhar le BARZAZ – Khalil (le Yasmina Khadra, 2021) agus Na Ríthe Beaga (Les Enfants sont Roi, le Delphine de Vigan, 2022).Tá trí leabhar do dhaoine óga sa tsraith Dialann Dúradáin aistrithe aici i gcomhar le Futa Fata – Leadaí na Leisce, An Fhírinne Shearbh & Dialann Dlúthchara. Tá trí leabhar sa tsraith Dónall Dána aistrithe aici i gcomhar le Cló Iar Chonnacht – An Peileadóir Mór, Peigí Phusach agus Lá Báistí.I measc na sraitheanna atá déanta aici do RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá Cúinne na bhFilí (cúrsaí litríochta), Céim ar Chéim (cúrsaí oideachais), Flosc (ceol & óige) agus An Chraobh ar an bhFál (sraith chartlainne). Tá ceardlanna scileanna raidió déanta aici le déagóirí i gcomhar le Pobal Rua, ceardlanna scríbhneoireachta i gcomhar le Fighting Words agus ceardlanna drámaíochta do pháistí i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta. Is teagascóir teanga, litríochta agus iriseoireachta í le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag leibhéil 7- 9 den Chomhchreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Tá Gaeilge, Béarla agus Fraincis líofa aici agus MA sa Phleanáil Teanga. Lig do scíth agus éist le Máirín ag léamh caibidil ó Khalil, scéal faoi Moslamach fir 23 bliain d’aois ag triail ar chathair Pháras le crios pléascach fáiscthe lena chliabh.
  • Diarmaid Ó Buachalla - Uisce Faoi Thalamh

    19:18
    Bronnadh an chéad duais ar an saothar Diarmaid Ó Buachalla – Uisce Faoi Thalamh le Mícheál Ó Laoghaire i gcomórtas A1 -Úrscéal Ficsean Ginearálta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2017. D’fhoilsigh Coiscéim an saothar sa bhliain 2018 faoin teideal Comhcheilg.Is as Co. Chorcaí é Mícheál Ó Laoghaire agus is iar-mhúinteoir bunscoile é. Tá trí chnuasach gearrscéalta dá chuid foilsithe ag Coiscéim; Bás Bharra, An Deireadh Seachtaine agus Tearmainn Mheabhail. Mar aon leis na cnuasaigh filíochta, tá cúig úrscéal dá chuid foilsithe ag Coiscéim; Comhcheilg, Comhar an gCarad, An tAonarán, Maraigh Dev agus Fómhar an Spealadóra.Bhuaigh Mícheál an dara duais i gComórtas A1 – Úrscéal Ficsean Ginearálta i gComórtais Liteartha an Oireachtais lena saothar Cuairt an Uachtaráin sa bhliain 2020 agus d’fhoilsigh Coiscéim é sa bhliain 2021 faoin teideal Fómhar an Spealadóra. Faoi láthair, tá Coiscéim ag ullmhú an chead úrscéil eile uaidh An Tríú hInsint agus táthar ag súil go bhfoilseofaí é roimh dheireadh an bliana.Nuair a aimsítear coirp beirt ógbhean ag bun faille in iarghúltacht na Breataine Bige, meastar ar dtús gur timpiste thragóideach a bhain dóibh. Isteach leis an Fiannóglach Diarmaid Ó Buachalla agus Maurice du Valle, gníomhaire de chuid sheirbhís slándála na Fraince, chun dul i mbun fiosraithe. Conas mar a éireoidh leo?Lig do scíth agus éist le Mícheál ag léamh sliocht as Diarmaid Ó Buachalla – Uisce Faoi Thalamh.