Share

Podchraoladh na Gaelgals
Ardú céime 's ardú meanman
Season 7, Ep. 5
•
Ar an eipeasóid seo, pléann Dúlra agus Alswyn cén chaoi le dul i ngleic le gruaim shéasúrach agus na laethanta ag dul i ngiorracht. Míníonn siad a bhfuil i gceist le Stua an Gheimhridh, agus cad a bhíonn ar Bhiachláir Dopaimín s’acu! (Stua and Gheimhridh = Winter arc, biachlár dopaimín = dopamine menu)
Lean muid ar Instagram, X, TikTok agus Facebook nó abair linn céard a cheapann sibh faoin tsraith trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag nagaelgals@gmail.com.
Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá.
More episodes
View all episodes

3 Bhéile agus Nap - Cothromaíocht saoil/oibre
48:05|Tá Clíodhna agus Alswyn i mbun plé faoi na bealaí is fearr le saoire a ghlacadh agus sos a thógáil agus muid ag obair/
Professor Layton, ár nGrá Geal!
49:31|San eagrán seo, labhraíonn Lucy agus Róisín faoi chuile rud faoin spéir; óna laethanta oibre, go dtí an Nintendo DS, gúnaí bainiseacha agus scannáin atá feicthe acu beirt le gairid.
Drochlá ní drochshaol atá ann....
40:38|San eagrán seo, labhraíonn Lucy agus Sinéad ar na nósanna a chabhraíonn leo ar dhrochlá! Idir nodanna praiticiúla agus eile, pléitear cúrsaí meabharshláinte agus an tábhacht a bhaineann le haire a thabhairt dúinn féin.
Aja Baja: Slán le Ed Sheeran?
42:55|Is abairt Sualainnise í “Aja baja” (ajabaja) a úsáideann páistí – nó a úsáidtear le páistí – chun a rá: “Ná déan é sin!”San eagrán seo, tugann Róisín, Rachel agus Sinéad aghaidh ar na scéalta is mó atá i mbéal an phobail an tseachtain seo! Macklemore vs Ed Sheeran go dtí cuntas rúnda Channing Tatum, tá neart cainte, conspóide agus scéalta suimiúla le plé.Le cloisteáil san eagrán seo tá Róisín Ní Mhaoláin, Sinéad Ní Scolaí agus Rachel King.
Na Croiméal Chronicles le Seán Ó Maoilchiaráin
46:38|Tá aoi speisialta linn an tseachtain seo agus Clíodhna agus Dúlra i mbun comhrá le Seán Ó Maoilchiaráin. Pléann siad gach gach rud ón gconspóid nuair a bhain Seán a chroiméal go saunas agus doras a bheith i do sheomra leapa
Ducktape, Faoláin agus Stars Hollow - An Lá is Fearr nó is Measa?
58:25|Baineann Sinéad, Lucy agus Clíodhna triail as an treocht TikTok ina dhéanann siad cur síos ar an lá is fearr agus an lá is measa a bh'féadfadh a bheith acu.
Cult-úr Shock
40:45|Pléann Alswyn agus Dúlra moltaí siamsaíochta atá acu, agus an tsainspéis áirithe atá acu i ngrúpaí áirithe...
GaelGeallta
01:00:05|Tá Clíodhna, Róisín agus Rachel ar ais agus iad ag labhairt faoi bhainisí ar eagrán na seachtaine seo.
TÁ NA GALS AR AIS
40:24|Tá rímhéad orainn a fhógairt go bhfuil na ráflaí fíor! D'araigh muid uainn sibh. San eagrán seo, labhraíonn Sinéad, Alswyn agus Lucy faoi céard a bhí á dhéanamh acu le déanaí agus faoi Rós Thá Lí.