{"version":"1.0","type":"rich","provider_name":"Acast","provider_url":"https://acast.com","height":250,"width":700,"html":"<iframe src=\"https://embed.acast.com/$/5eddfed0581ccf282c62af9e/64664c127973b5001045bc32?\" frameBorder=\"0\" width=\"700\" height=\"250\">","title":"Diarmaid Ó Buachalla - Uisce Faoi Thalamh","thumbnail_width":200,"thumbnail_height":200,"thumbnail_url":"https://open-images.acast.com/shows/5eddfed0581ccf282c62af9e/1684425864974-2dfb61d1b6772a745b90dd4779f7d88e.jpeg?height=200","description":"
Bronnadh an chéad duais ar an saothar Diarmaid Ó Buachalla – Uisce Faoi Thalamh le Mícheál Ó Laoghaire i gcomórtas A1 -Úrscéal Ficsean Ginearálta i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2017. D’fhoilsigh Coiscéim an saothar sa bhliain 2018 faoin teideal Comhcheilg.
Is as Co. Chorcaí é Mícheál Ó Laoghaire agus is iar-mhúinteoir bunscoile é. Tá trí chnuasach gearrscéalta dá chuid foilsithe ag Coiscéim; Bás Bharra, An Deireadh Seachtaine agus Tearmainn Mheabhail. Mar aon leis na cnuasaigh filíochta, tá cúig úrscéal dá chuid foilsithe ag Coiscéim; Comhcheilg, Comhar an gCarad, An tAonarán, Maraigh Dev agus Fómhar an Spealadóra.
Bhuaigh Mícheál an dara duais i gComórtas A1 – Úrscéal Ficsean Ginearálta i gComórtais Liteartha an Oireachtais lena saothar Cuairt an Uachtaráin sa bhliain 2020 agus d’fhoilsigh Coiscéim é sa bhliain 2021 faoin teideal Fómhar an Spealadóra. Faoi láthair, tá Coiscéim ag ullmhú an chead úrscéil eile uaidh An Tríú hInsint agus táthar ag súil go bhfoilseofaí é roimh dheireadh an bliana.
Nuair a aimsítear coirp beirt ógbhean ag bun faille in iarghúltacht na Breataine Bige, meastar ar dtús gur timpiste thragóideach a bhain dóibh. Isteach leis an Fiannóglach Diarmaid Ó Buachalla agus Maurice du Valle, gníomhaire de chuid sheirbhís slándála na Fraince, chun dul i mbun fiosraithe. Conas mar a éireoidh leo?
Lig do scíth agus éist le Mícheál ag léamh sliocht as Diarmaid Ó Buachalla – Uisce Faoi Thalamh.
","author_name":"An tOireachtas"}