{"version":"1.0","type":"rich","provider_name":"Acast","provider_url":"https://acast.com","height":250,"width":700,"html":"<iframe src=\"https://embed.acast.com/$/5eddfed0581ccf282c62af9e/64468a8a8711620011a49289?\" frameBorder=\"0\" width=\"700\" height=\"250\">","title":"Béal na Péiste","thumbnail_width":200,"thumbnail_height":200,"thumbnail_url":"https://open-images.acast.com/shows/5eddfed0581ccf282c62af9e/1682344777289-ecf7b966146d6ecab8ff026d743e8fbc.jpeg?height=200","description":"
Bhuaigh Béal na Péiste le Fionntán de Brún an chéad duais i gComórtas A1: Úrscéal – Ficsean Liteartha i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.
Is i mBéal Feirste a rugadh agus a tógadh Fionntán agus tá sé ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó 2017. Is i réimse an léinn is mó a bhfuil saothair foilsithe aige. D’fhoilsigh Cló Ollscoil Chorcaí saothar leis sa bhliain 2019 darb ainm Revivalism and Modern Irish. Bhí sé ina eagarthóir ar Léachtaí Cholm Cille 52 – Stair agus Ficsean ó Beatha Cholm Chille go Bealach na Spáinneach (2022) agus Léachtaí Cholm Cille 51 Scríobhaithe an Tuaiscirt, 1650–1900 (2021).
Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta, Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile (Móinín, 2005) an chéad duais i gComórtas A13 - Prós Cruthaitheach, Cnuasach Gearrscéalta nó Úrscéal Gairid i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2004. Is é Béal na Péiste an chéad úrscéal a scríobh Fionntán agus é foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Seoladh an leabhar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste i mí Aibreán 2023. 
Suigh siar agus éist le Fionntán ag léamh an chéad chaibidil dá shaothar buacach, Béal na Péiste.
Beidh an scéal ina iomlán uait i ndiaidh don bhlaiseadh beag seo a chloisteáil agus is féidir an leabhar a cheannach <a href=\"https://cic.ie/shop/leabhair/beal-na-peiste/\" rel=\"noopener noreferrer\" target=\"_blank\">anseo.
","author_name":"An tOireachtas"}